Cháiligh foireann peile An Spidéil do chluiche leath cheannais Sinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta na Gaillimhe ar an deireadh seachtaine nuair a d’éirí leo an ceann is fearr a fháil ar Chumann Mhíchíl Breathnach le pointe amháin. Meascán do fhoireann sinsir agus idirmheánach a bhí ag Micheál Breathnach agus is foireann Sóisir A An Spidéil a bhí ina naghaidh. Deirtear gur cúil a bhuann cluichí agus ba iad na cúil a fuair Dónal Ó Flatharta, ceann acu ó chic pionóis, do leads Bhaile an Droichid a chiallaigh go ngeobhadh siad an ceann is fearr ar a gcomharsain. Bhí an lámh in uachtar ag An Spidéal don chuid is mó don chéad leath agus d’éirí leo coinneáil chun tosaigh go deiridh fiú agus gur thug Micheál Breathnach a ndóthain le déanamh dóibh agus iad a tharraingt ar ais go dtí pointe amháin.
News
An Spidéal tríd go dtí cluiche leath cheannais áitiúil Chomórtas Peile na Gaeltachta
November 8, 2018