Tá urlár nua spóirt curtha isteach ag CLG An Spidéal sa halla os cionn na seomraí feistis ag Coláiste Chonnacht sa Spidéal. Is anseo a bhíonn na seisiúin traenála faoi dhíon peile agus iománaíochta ar siúl do leads agus cailíní óga an cheantair agus cuideoidh an t-urlár seo go mór leo tairbhe iomlán a bhaint as áis shábháilte chun feabhas a chuir ar a gcuid scileanna, forbairt a dhéanamh orthu fhéin agus aclaíocht a dhéanamh i rith an gheimhridh. Tá iarratas déanta ag an gCumann ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun tacaíocht a fháil uatha don fhorbairt seo chomh maith. Tá mór bhuíochas ag dul do phobal Cheantair An Spidéil as ucht an tacaíocht a thugann siad don chumann agus a cheadaíonn don chumann a bheith in ann a leithéid seo d’infheistíocht a dhéanamh in aos óg agus i dtodhchaí an cheantair. Gan tacaíocht an phobail do fheachtais éagsúla bailiúcháin airgid ar nós Lotto An Spidéil, Crannchur 50/50 agus feachtais eile. Tá buíochas freisin ag dul do urraithe an chumainn chuile dhuine a chabhraíonn leis an gcumann.