Chuir foireann mionúir CLG An Spidéal cupán eile ar an mbord dóibh fhéin Dé Sathairn seo caite le bua slachtmhar ar Áth Cinn i gCluiche Ceannais Craoibhe mionúir b an Chontae. Is mór an éacht atá déanta ag an bhfoireann seo agus iad anois ina seaimpíní contae i bpeil agus in iománaíocht sa bhliain céanna.
Bhí buille buailte ar leads An Spidéil roimh an chluiche seo de bharr an gortú a tharla d’Éinne Ó hEochaidh a d’fhág ar mhaidí croise é agus a chroí briste nach bhfeadfadh sé cabhrú lena chomhghleacaithe.
Chuir leads an Spidéil an tús leis an gcluiche ceannais le cúl luath ó Liam Ó Conghaile áit ar phreab sé go cróga ar bhotún ó chúlbáire Áth Cinn. As sin amach bhí ceannas ag An Spidéal ar an gcluiche. Bhíodar ag imirt in aghaidh gála láidir sa chéad leath ach d’éirí leo a dhul 2-04 in aghaidh tada ag tráth amháin sa gcéad leath sin. Bhí ceannas iomlán ag Aodán Ó Curraoin agus Máirtín Beag ar lár páirce agus bhí Tomás Ó Fátharta ag déanamh tharr barr sa líne lán tosach. Ag cabhrú leis ansin bhí Oisín Breatnach, go gcaithfeadh sé go raibh ‘glue’ ar a chuid lámha aige mar nár chaill sé liathróid ar bith i gcaitheamh an tráthnóna agus seirbhís iontach dhá fháil acu ón gcúlaithe ar fad, Aodán Ó Droighneán agus Micheál Ó Curraoin ach go háirithe. Go deimhin ní mórán a bhí le déanamh ag Dónal Ó Maolallaigh, Dara Mac an Rí, Iarflaith Breathnach ná Pádraig Ó Mainnín ach chosain siad go cumasach nuair a tháinig ionsaithe Áth Cinn ina dtreo.
Buaileadh buille trom ar An Spidéal i rith an chéad leath sin nuair a chaith Ciarán Ó Laoi, a bhí ag imirt go maith, an pháirc a fhágáil de bharr droch bhuile a fháil ar an gcloigeann. Ach d’ardaigh leads An Spidéil a gcuid iarrachtaí, Déaglán Ó Droighneán agus Rónán MacChonnChoille ach go háirithe. Bhí An Spidéal ar a sáimhín só ag an am seo ach an lucht tacaíocht mhór fós imníoch faoin dara leath. Chríochnaíodar amach an chéad leath go maith chun tosaigh agus fiú nuair a thosaigh Áth Cinn ag fáil corr phointe sa dara leath níor lig leads Bhaile an Droichid a maidí le sruth agus d’aimsigh cúilíní go paiteanta. Go deimhin d’fhéadfaidís slad aisteach a bheith déanta acu dhá mbeadh seansanna ar chúil tógtha sa dara leath.
Ba mhór an chúis bróid mar sin do lucht tacaíochta An Spidéil nuair a chroch an Captaen Máirtín Beag Ó Droighneán an cupán go hard os cionn a chloigeann agus nuair a fuair Tomas Ó Fatharta gradam Laoch an Chluiche chomh maith.
Éacht nach beag mar sin don fhoireann cróga seo a bhfuil an t-uafás peile agus iomána imeartha acu le riar seachtainí anuas agus nach bhfuil deireadh lena séasúr go fóill ó tharla iad a bheith i gCluiche Ceannais Shraith na Cathrach san iománaíocht fós agus cuid acu páirteach i bhfoireann Sóisear C agus Idirmheánach an Chumainn a bhfuil cluichí tábhachtacha acu an deireadh seachtaine seo.
Is mór an buíochas agus an moladh atá ag dul do lucht bainistíochta na foirne, Micheál Ó Duinn, Nollaig Ó Neachtain, Déaglán Ó Tuathaill agus Dónal ‘Ducky’ Ó Fatharta. Bhí iarracht mhór mhillteach curtha isteach sa bhfoireann seo acu agus iad réitithe go proifisiúnta i gcaitheamh na bliana.
Tá buíochas ag dul d’urraithe na foirne agus an chumainn chomh maith don tacaíocht a fhaigheann an cumann i gcónaí. Ní féidir Tadhg Ó Conghaile ná an tUachtarán John Mac a ligeann i ndearmad ach oiread agus aon cheo a bhí ag teastáil ón bhfoireann dhá chuir ar fáil acu.
Ach níos mó ná sin is iad na himreoirí a chuaigh chun páirce le geansaithe An Spidéil orthu a bhfuil moladh ag dul dóibh. Léirigh siad céard is féidir a dhéanamh nuair a chuirtear iarracht, croí agus dea imirt ina n-iarrachtaí.
Painéal An Spidéil
1 Mághnus Breathnach
2 Aodán Ó Droighneán
3 Dónal Ó Maolallaigh
4 Dara Mac An Rí
5 Iarflaith Breathnach
6 Micheál Ó Curraion
7 Éinne Ó hEochaidh
8 Máirtín ‘Beag’ Ó Droighneán
9 Aodan Ó Curraoin
10 Rónán ‘Woody’ Mac Chonnchoille
11 Ciarán Ó Laoi
12 Déaglán Ó Droighneán
13 Liam Ó Conghaile
14 Tomás Ó Fatharta
15 Oisín Breathnach
16 Caoimhín Ó Céidigh
17 Pádraig Ó Mainín
18 Diarmuid Ó Tuathail
19 Séamus Ó Droighneán
20 Pádraig Ó Ciardha
21 Seán Ó Domhnaill
22 Seán Ó Curraoin
23 Cristóir Ó Márta
24 Ruaidhrí De Faoite
25 Séadna Ó Ceallaigh