News

Bainisteoirí nua ag foirne Peile agus Iománaíochta An Spidéil.

November 8, 2018

Tá bainisteoirí nua ceaptha do fhoirne peile agus iománaíochta CLG An Spidéil don bhliain seo romhainn. Is é Micheál Ó Duinn le cabhair ó Nollaigín Ó Neachtain agus Déaglán Ó Tuathaill a bheidh i mbun na bhfoirne peile sóisir agus is iad Gearóid Ó Conghaile agus Micheál Ó Curraoin a bheidh i mbun na bhfoirne sóisir iomána. Iar imreoirí de chuid an Chumainn atá iontu ar fad agus taithí fhada peile agus iománaíochta acu dáréir. Gúimid chuile rath orthu don bhliain atá amach romhainn.