News

Bua ina chéad chluiche ag foireann Sóisear A An Spidéal

November 8, 2018

D’eirí le Peileadóirí Sóisear A an Spidéil bua slachtmhar a fháil ar Mhaigh Cuilinn ar an mBaile Dóite ar an deireadh seachtaine ina gcéad chluiche sraithe don bhliain. Is é seo an chéad uair don Spidéal a bheith i ngrád na sóisear óna hochtóidí agus bhíodar ag tabhairt aghaidh ar an dara foireann atá ag Maigh Cuilinn a tháinig ó Sóisear B an bhliain seo caite. D’eirí leis An Spidéal tús maith a fháil le dhá chúl fíor luath agus bhí smacht acu ar chlár na scór as sin amach. Thug Maigh Cuilinn a ndóthain le déanamh dóibh chomh maith agus fuair riar maith seilbhe ar an liathróid ag tráthanna ach ní  raibh in ann na scóranna a bhí ag teastáil uatha a aimsiú de bharr deá chosaint fhir Bhaile an Droichid. A gcéad mbua sraithe do fhir An Spidéil atá faoi stiúir Mhicheál Ó Duinn, Nollaig Ó Neachtain, Déaglán Ó Tuathaill agus an traenálaí Tommy Dooher.