News

Buaiteoir Oireachtais sa Spidéal

November 8, 2018

Tá éacht eile déanta ag amhránaí Bhaile an tSléibhe Mairéad Sheán Tim Ní Fhlatharta agus Comórtas Sean Nós na mBan tugtha lei aici ag Oireachtas na Gaeilge i gCathair na Mart an deireadh seachtaine seo. Is iomaí duais Oireachtais atá tugtha lei aici idir agallaimh beirte, lúibíní agus Sean Nós agus an dara háit i gComórtas na mBan dhá bhliain ó shin. Le cúnamh Dé ní bheidh sé i bhfad gur é Corn Uí Riada a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Bhaile an tSléibhe.

Bhí na sluaite bailithe isteach chuig Cathair na Mart do fhéile na bliana seo agus slua mór as An Spidéal agus ceantar chois fharraige chomh maith. Ar na buaiteoirí eile ó cheantar an Spidéil bhí

 

An dara duais san Agallamh Beirte faoi 12 ag Caoimhe Ní Chonghaile & Sharon Ní Bheoláin, Baile Liam, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

 

An dara duais  sna Lúibíní ag Fearghas Mac Lochlainn & Éamon Ó Donnchadha, Baile Ard, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

 

An dara duais  san  Agallamh Beirte ag Páid Ó Neachtain & Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

 

An dara duais i gComórtas cáilithe sean nóis Chorn Mháire Nic Dhonnchadha ag Áine Ní Dhroighneáin, Baile an tSléibhe, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

 

Amhránaíocht ar an Sean-Nós do Mhná, An chéad duais agus Corn Phádraig Mhic an Rí ag Mairéad Ní Fhlatharta, Baile an tSléibhe, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.