News

Cailliúint díomách ag foireann iomána faoi 21

November 8, 2018

Bhí cailliúint díomách ag foireann iomána faoi 21 An Spidéil an deireadh seachtaine seo nuair a fuair An Saidhleán bua éasca go maith orthu sa gcluiche craoibhe seo. Ar an drochuair bhí ar An Spidéal cur chun páirce d’uireasa seisear dá ngnáth imreoirí de bharr gortaithe agus daoine a bheith as baile agus d’fhág sin an fhoireann gan cuid dá bpríomh imreoirí. Cé go ndearnadar iarracht chróga bhí sé deacair acu Saidhleán a chloí tar éis dóibh cúpla cúl a aimsiú. É sin ráite, tá seans eile ag an bhfoireann seo sa gcraobh faoi 21 agus babhta ‘cúldorais’ rompu. Tádar ag súil go mbeidh an fhoireann iomlán acu don bhabhta sin chun tabhairt faoin gcraobh seo in athuair.