News

Cluiche Ceannais Peile Faoi 21 B An Iarthair an Satharn seo

November 8, 2018

Imreofar cluiche ceannais faoi 21 B an Iarthair an deireadh seachtaine seo idir An Spidéal agus Uachtar Ard. Is ar an Satharn ag a 2 a cheaptar a imreofar an cluiche agus níl an ionad socraithe fós de bharr na droch aimsire. Go deimhin is deacair dona foirne tabhairt faoi chluichí chomh luath seo sa mbliain nua díreach tar éis briseadh na Nollag. É sin ráite beidh coimhlint ghéar idir an dá fhoireann cróga seo atá lán le imreoirí breátha. Táthar ag súil gur féidir le leads An Spidéil an ceann is fearr a fháil ar Uachtar Ard agus corn eile a thabhairt go Baile an Droichid leo le cur leis an gcúl breá coirn agus boinn atá buaite ag cuid acu le bliain anuas.