News

Cluiche Sraithe FBD Gaillimh vs GMIT sa Spidéal

November 8, 2018

Pádraig Joyce, Derek Savage, Nicky Joyce, Declan Meehan, Micheál Meehan, Ciaran Fitzgerald, Diarmuid Blake, Fiachra Breathnach, Niall Ó Cadhain –  Seo cuid de laochra peile na Gaillimhe a thabharfaidh chun páirce ar Pháirc an Athar MhicSuibhne ar an Domhnach beag seo. Tá cluiche den sraith FBD dhá imirt sa Spidéal don chéad uair nuair a thabharfaidh Gaillimh aghaidh ar GMIT nó Institiúid Theicneolaíocht na Gaillimhe/Mhaigh Eo.

 
Is ag a 2 a chlog a thosóidh an cluiche agus táthar ag súil go mbeidh slua mór i láthair. Is é seo an tríú cluiche i gceannas ag an mBainisteoir nua Liam Sammon tar éis do Ghaillimh an bua a fháil ar Shligeach agus Liatroim le coicís anuas.
 
Tá ceangal láidir Gaeltachta ag baint leis an gcluiche freisin le Fiachra Breathnach as Leitir Móir agus Niall Ó Cadhain as Carna ag tabhairt taispeántais iontacha uatha dá gContae.

Cluiche breá peile a bheidh ann agus deis iontach laochra peile na Gaillimhe a fheiceáil i ngar do láimh.