News

Cluichí móra Iomána & Peile ar an Deireadh Seachtaine

November 8, 2018

Tabharfaidh foireann iomána faoi 21 An Spidéil chun páirce in aghaidh Skehana an Satharn beag seo i gcluiche leath cheannais Chraobh faoi 21 C iomána an Chontae. Is in Órán Mór ag 5.30in tráthnóna Dé Sathairn a chuirfear tús leis an gcluiche. Cé gur chaill leads An Spidéil a gcéad chluiche sa gcomórtas seo is Cluiche leath cheannais an Chontae atá ann ó tharla gur tharraing Bóthar na Trá amach as an gcomórtas cúl dorais.

Tabharfaidh foireann Sóisear Peile An Spidéil aghaidh ar a gcomharsain Micheál Breathnach i gcomórtas áitiúil Sinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta an Domhnach seo. Is ag 11.30 ar Pháirc an Chnoic a chaithfear isteach an máilín gaoith agus a dtosóidh an choimhlint. Is i ngrád na Sinsir atá Micheál Breathnach agus fuair siad an ceann is fearr ar Bhearna sa mbabhta deiridh den Chomórtas seo.