News

Cluithí na Deireadh seachtaine

November 8, 2018

Dé hAoine ‘Junior B’
Mícheál Breathnach 5-12 Maigh Cullain 4-10

Dé Sathairn ‘Sinsir’
Mícheál Breathnach 1-13 Corofin 0-10

Bhí an-Deireadh Seachtaine ag Cumann Mhícheál Breathnach le dhá bhua iontach.  Bhí cluithe crua ann ar an Aoine nuair a tháinig Maigh Cullain ar cuairt ar Pháirc an Chnoic.  D’éirigh le lads Chois Fharraige leis an scór 5-12 go 4-10.

Ansin ar an Satharn thug muid an aghaidh ar Stáid an Phiarsaigh áit a chas muid ar Saimpíní na Gaillimhe Corofin.  Bhí an-lá go deo ann idir an peil agus an aimsir.  Thosaigh an dá fhoireann amach go maith agus sé Eanna Mhanus Ó Conghaile a chuir an liathróid i gcúl chorifin lena dhorn le Cúl a chuir idir na foirne.  Ba bhé an cúl sin a choinigh muid céim amháin os coinn agus chuaigh muid isteach ag an mbriseadh trí phoinnte chun cinn. 

Sa dara leath thosaigh Corofin go maith agus faoi dheireadh chuaigh siad poinnte amháin chun cinn orainn.  Sin é an uair a tháinig fir Chois Fharraige ar ais agus thug siad leo an lá le poinntí ó an Caiptin uimhir a 7 Barraí Bán ó Conghaile agus Seosamh Ó Conaire. Bua iontach don Chumann le sé phoinnte.  Scór deireadh Mícheál Breathnach 1-13 Corofin 0-10.