News

Coimhlint na gComharsan an Domhnach beag seo

November 8, 2018

Tabharfaidh na comharsain An Spidéal agus Micheál Breathnach aghaidh ar a chéile sa gcraobh peile faoi 21 ar an Domhnach beag seo 21 Feabhra 2010. Is ag meánlae a chaithfear isteach an máilín gaoithe agus is in Indreabhán a bheas an cluiche.

Táthar ag súil go mbeidh cluiche breá peile agus coimhlint bhreá idir na comharsain. Guímid chuile ádh ar an bhfoireann a bhfuil corr ghortú ag cur as dóibh agus leis an mbainisteoir Dónal Ó Fatharta agus a chuir roghnóirí Micheál Ó Duinn, Nollaig Ó Neachtain & Déaglán Ó Tuathaill.
 
Tabhair tacaíocht dóibh agus bíodh dalladh bratacha agus dathanna gorm agus buí le feiceáil!
 
An Spidéal Vs Micheál Breathnach
Craobh Faoi 21 A
21/02/10
12 meánlae in Indreabhán.