News

Comhgháirdeachas le Mionúir na Gaillimhe

November 8, 2018

Rinne foireann mionúir peile Chontae na Gaillimhe éacht ag tabhairt Craobh na hÉireann leo i gcluiche crua spreagúil in aghaidh Dhoire ar an deireadh seachtaine.

Is mór an cúis bróid do CLG An Spidéal go raibh beirt dá gcuid baill páirteach sa mbua breá seo.

 
Bhí Aodán Ó Curraoin as an bPáirc sa Spidéal mar bhall den phainéal agus Dónal ‘Ducky’ Ó Flatharta as Baile Liam mar roghnóir ar an bhfoireann bainistíochta.

Tá Ducky ag plé le foirne mionúir an Chontae le trí bliana anuas chomh maith le foirne gairmscoileanna an chontae chomh maith.

 
Comhgháirdeas freisin leis na leads eile as Conamara a bhí páirteach leis an mbua breá seo, Seán Denvir ó Chumann Mhicheál Breathnach agus an fear lár páirce Antaine ‘Toto’ Ó Gríofa ó Chumann Naomh Anna, Leitir Móir.