News

Comhscór i gCluiche Ceannais Peile Sóisear ‘C’ an Iarthair

November 8, 2018

Macasamhail na bliana anuraidh, is ar chomhscór, 1-07 an taobh, a chríochnaigh cluiche ceannais Craobh Sóisear ‘C’ an Iarthair inné idir CLG An Spidéal agus Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach. Thug leads an Spidéil faoina ndúshlán go fonnmhar ach níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhir na cathrach an uair seo. Tá moladh mór ag dul d’imreoirí mionúir an chumainn a d’imir agus iad ag tabhairt faoina dara cluiche tábhachtach don deireadh seachtaine agus a cúigiú cluiche in imeacht deich lá. Tá na himreoirí céanna seo ag tabhairt faoi chluiche ceannais peile mionúir an Chontae faoi cheann seachtaine chomh maith. Go deimhin mura mbeadh an uallach mór cluichí seo curtha orthu ag oifigigh bhord peile an iarthair is mór an seans go mbeadh an lá tugtha leo inné ag foireann an Spidéil ach beidh lá eile acu chun tabhairt faoin gcraobh i gceart le cúnamh Dé. Táthar ag súil anois go bhfaightear a dhath ar éigin ‘fairplay’ agus go n-úsáidtear blúire beag céile agus cluichí dá socrú.