News

Comórtas Mháirtín Sheánín 2009 (7 a Taobh)

November 8, 2018

Beidh Comórtas Mháirtín Sheánín 2009 (7 a Taobh) ar súil ar Pháirc an Chnoic aríst i mbliaina.  Tá súil agam nach mbeidh sibh ró-lán theis Lá Nollaig mar ag a 10.30 maidin Lá Stiofáin beidh an Comórtas ag tosnú.  Beidh 8 foireann ar fad ann agus iad bríste suas i dhá ghrúpa.

Fóirne:

  1. Ros a’Mhíl – Cloch Mór – Camus
  2. An Tulach – Baile na hAbhann
  3. Na Minna – Cor na Rún
  4. Teach Mór – Lochán Beag
  5. Na hAille
  6. An Cnoc
  7. Baile na mBrabhach – Coill Rua
  8. An Púirín – Bothúna

Grúpa 1

  • An Tulach/Baile na hAbhann
  • Na Minna/Cor na Rún                         
  • Baile na mBrabhach/Coill Rua
  • Ros a’Mhíl/Cloch Mór

Grúpa 2

  • Teach Mór/Lochán Beag
  • Na hAille
  • An Cnoc
  • Púirín/Bóthúna

Beidh €10 an duine ar an gComortás.  Bronnadh an Chupain agus boinn sa bPóitín Stíl ag a 6.30 agus beidh sóláistí le fáil freisin.

Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh le chuile Bhaile agus chuile dhuine a bheas páirteach ar an lá.