News

Craobh Chonnachta, Peil Shinsir B na nGairmscoileanna. An Cluiche Cheannais. Scoil Phobail Mhic Dara Carna 1-9, Coláiste Mhic Éil Achail 0-10

November 8, 2018

Pictúir, ar chúl ó chlé; Bhal Ó Maoilchiaráin, Albert Ó Conaire, Feidhlim Breathnach, Micheál Ó Clochartaigh, Conchúir Ó Cualáin, Colm Ó Neasa, Micheál Seán Ó Máille, Seosamh Ó Cualáin, Conchúir Mac Craith, Seán Pól Ó Conaola, Colman Ó Maoilchiaráin, Cillín Ó Coirbín agus Stiofán Ó Cuirrín.
Chun tosaigh ó chlé; Cathal Ó Luideáin, Seán Ó Coirbín, Seosamh Breathnach, Máirtín Óg Mac Donnacha, Murchadha Ó Cualáin, Seán Ó Cillín, Seosamh Mac an Iomaire, Seán Seosamh Ó Cuirrín agus Máirtín Ó Máille.

I mBaile an Róba i gCondae Mhuigh Eó ar an Satharn an 11ú Feabhra 2006 cuireadh ainm Charna sa leabhar staire nuair a bhuaigh Scoil Phobail Mhic Dara Carna Craobh Chonnachta i bPeil Shinsir B na nGairmscoileanna don chéad uair leis an scór, Scoil Phobail Mhic Dar Carna 1-9, Coláiste Mhic Éil Achail 0-10. Bhí Scoil Phobail Mhic Dara sa chluiche cheannais cheanna i 2002 ach níor eirigh leo an uair sin. Ba scéal difriúil é ar an ocáid seo agus d’eirigh le h-imreorií óga Charna an éacht a dhéanamh. Sa chluiche leath-cheannais fuair Scoil Phobail Mhic Dara an ceann b’fhearr ar Chrois Mhaoil Íona leis an scór 1-16 in aghaidh 1-9 agus mar sin bhí imreoirí Charna an dóchasach agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar Mhuigh Eó ar an Satharn sin. Bhí Coláiste Mhic Éil buachach i 2004 agus 2005 agus anois bhí siad ar ais arís sa chluiche cheannais agus ag iarraidh trí chinn i ndiaidh a chéile-éacht nach raibh deanta ariamh cheanna.
Ag imirt leis an ngaoth sa chéad leath thosaigh Scoil Phobail Mhic Dara go h-an mhaith. Bhí siad ar an ionsaí ón nóiméad a chaith an reiteoir, Máirtín Ó Murchú, an liathróid isteach agus tar éis seacht nóiméad déag bhí Carna 1-5 chun tosaigh agus gan scór ar bith aimsithe ag Achail fós. Sa chéad ceithre nóiméad chuir Carna trí sheans ar scóranna amú-péire ó shaor chiceanna agus tháinig iarracht eile ar ais ón trasnán agus cúlbáire Achla, Aindriú Mac Pháidín, buailte. Ach shochraigh Seosamh Mac an Iomaire síos foireann Charna le cúilín deas ón imirt sa 5ú nóiméad. San 8ú nóiméad d’aimsigh Carna an scór ba chinniúnaigh sa chluiche. Tar éis obair an mhaith ó Chillín Ó Coirbín  d’aistrigh sé an liathróid go Stiofán Ó Cuirrín. Thug sé seo an liathróid leis suas na páirce, chuir sé Micheál Seán Ó Máille tríd le pas-láimhe agus bhuail sé seo í go h-iseal agus crua ach shabháil an cúlbáire go maith í. Tháinig an liathróid amach go Stiofán Ó Cuirrín a bhí ag leanacht leis isteach agus bhaigh sé san eangach í. B’sin an scór a chuir ar gcúl peileadóirí Achla agus a chuir díochas breise in imirt na Scoile Pobail. Anois bhí buachaillí Chonamara ag tarraingt uaidh tobar na flúirse mar idir an scór sin agus an 17ú nóiméd d’aimsigh Carna ceithre phoinnte eile-trí chinn ó Cholman Ó Maoilchiaráin agus ceann eile ó Stiofán Ó Cuirrín. I rith an ama seo ar fad bhí Ó Maoilchiaráin ag déanamh scriosadh agus b’éigin do bhainistíocht Achla an lán-tosaigh Colm Mac Galloglaidh a athrú siar chun cúnamh a thabhairt do chosantóirí Achla. Freisin, bhí ceannas iomlán ag Scoil Phobail Mhic Dara ar lár páirce áit a raibh Seán Ó Cillín, Stiofán Ó Cuirrín agus Feidhlim Breathnach ag imirt tharr barr.  San 18ú nóiméad  d’aimsigh Daithí Mac an Ridire poinnte do Achail ó shaor-chic ach tháinig Carna ar ais le poinnte uaidh Colman Ó Maoilchiaráin ó shaor-chic. De réir a chéile thosaigh Coláiste Mhic Éil ag imirt níos fearr agus d’aimsigh siad dhá chúilín eile ó shaor-chiceanna. Ach díreach roimh leath-ama tháinig Scoil Phobail Mhic Dara ar ais arís nuair a fuair Stiofán Ó Cuirrín poinnte eile ón imirt. D’fhág sé sin an scór ag leath-ama, Scoil Phobail Mhic Dara Carna 1-7 agus Coláiste Mhic Éil Achail 0-3. 
Má bhí an chéad leath aontaobhach agus oscailte bhí a mhalairt fíor faoi’n dara leath. Bhí an imirt an chothrom agus cé gur aimsigh Carna an chéad scór-poinnte ón imirt uaidh Stiofán Ó Cuirrín-bhí sé soiléir nach raibh sé i gceist ag peileadóirí Achla géilleadh go h-éasca. Fuair siad trí phoinnte i ndiaidh a chéile ó shaor-chiceanna, Daithí Mac an Ridire an aimsitheoir arís. Ach nuair a d’aimsigh Colman Ó Maoilchiaráin poinnte ó shaor-chic san 18ú nóiméad ag fágáil an scór 1-9 in aghaidh 0-6 cheap muintir Charna go raibh siad beagnach sábháilte. Ní raibh Scoil Phobail Mhic Dara ach dhá nóiméad déag ó ríocht an t-soláis! B’iad sin na nóiméid ba faide i stair na peile i gceantair Iorrais Aithnigh. Idir an 18ú nóiméad agus an 25ú nóiméad d’aimsigh Coláiste Mhic Éil trí chúilín i ndiaidh a chéile-péire ón imirt agus ceann ó shaor chic-agus anois bhí an bearna laghdaithe go trí phoinnte. Ach sheas cosantóirí Charna sa mbearna in am an gcruacháis. Bhí an brú ag teacht orthu gan stopadh gan staonadh ach níor ghéill siad agus b’iad Micheál Ó Clochartaigh, Bhal Ó Maoilchiaráin, Cillín Ó Coirbín agus a dheartháir Seán na laochra ba mhó i rith an ama sin. Ach nuair a d’aimsigh an fear lár páirce Dónal Ó Gallachóir poinnte eile ón imirt agus dhá nóiméad fágtha bhí an teannas dofhulaingthe. Anois ní raibh eatorrtha ach dhá phoinnte. An bhféadfadh an bhrionglóid iompú ina thubaiste? Thaistil lán-bhus de thacaitheoirí óga Charna ar an gcluiche agus má bhí siad glórach i rith an chéid leath ní raibh gíog astu anois. Cloisfeá biorán ag titim ina measc! Chuir Achail seans maith amháin eile ar fó-riail agus an t-am beagnach caite. D’imir an réiteoir dhá nóiméad d’am breise agus bhí Scoil Phobail Carna ar an ionsaí nuair a shéid sé an fheadóg dheireanach. Tá cáil ar Charna i bhfad agus i gcéin mar gheall ar cheoil agus amhránaíochta ach níor chuala peileadóirí na Scoile Pobail, a mbainistíocht ná an lucht tacaíochta aon cheol ariamh ní b’binne ná ceol na feadóige sin! Anois bhí spleodar na h-óige i gcosa thacaitheoirí Charna-a nglór fáigthe ar ais acu freisin-agus iad ag déanamh ar a gcuid laochra. Bhí pógadh, barróga agus cúpla deor freisin. Agus cén fath nach mbéadh? Bhí Scoil Phobail Mhic Dara agus Carna san leabhar staire; bhí an tóirse i ngreim ag na peileadóirí óga seo! Nuair a chiúnaigh rudaí síos bhronn Micheál Herr, Rúnaí Choiste Peile na nGairmscoileanna, an corn Chonnachta ar Seán Ó Cillín,captaen Charna. Anois casfaidh Seampáiní Chonnachta ar Ghaelscoil Thrálí, Ciarraí i gcluiche leathcheannais na hEireann ar an 4ú Márta i nGort Inse Guaire ag 2.00 i.n. Ní dúnfainn an leabhar staire fós!
                                                                                  Séamus Ó Coileáin

Scoil Phobail Mhic Dara Carna
Seosamh Ó Cualáin, Seán Seosamh Ó Cuirrín, Micheál Ó Clochartaigh, Bhal Ó Maoilchiaráin, Conchúir Mac Craith, Cillín Ó Coirbín, Seán Ó Coirbín, Seán Ó Cillín, Stiofán Ó Cuirrín, Máirtín Ó Máille, Seosamh Mac an Iomaire, Albert Ó Conaire, Micheál Seán Ó Máille, Colman Ó Maoilchiaráin, Feidhlim Breathnach.
Fir Ionaid
Conchúir Ó Cualáin, Seán Pól Ó Conaola, Cathal Ó Luideáin, Seosamh Breathnach, Máirtín Óg Mac Donnacha, Murchadha Ó Cualáin, Colm Ó Neasa.
Daniel Ó Conaire agus Aindriú Mac Donnacha.
Bainisteoir; Séamus Ó Coileáin,
Roghnóirí; Paraic De Búrca agus Antoine  Ó Loinsigh.

Coláiste Mhic Éil Achail
Aindriú Mac Pháidín, Stiofán Ó Griallais, Micheál Ó Gallachóir, Tomás Mac Suibhne, Criostóir Knipe, Donncha Mac Conmara, Micheál Ó Gallachóir, Dónal Ó Gallachóir, Gearóid Mc Eafarcaigh, Réamonn Ó Griallais, Peadar Ó Griallais, Donnacha Mac Suibhne, Seán Mac Nioclás, Colm Mac Galloglaigh agus Daithí Mac an Ridire.
Fir Ionaid
Paraic Mac Suibhne, Diarmaid Ó Máille, Gearaí Ó Maolfhabháir, Pól Ó Gallachóir, Rónán Mac Giollabháin, Brían Ó Maidín, Máirtín Ó Fearaigh, Seán Mac Eafarcaigh, Bernard Briody agus Seosamh Mac Giallabháin.