News

Craobh Mionúir Iomána an Chontae buaite ag CLG An Spidéal

November 8, 2018

Níl deireadh le croí, crógacht agus fuinnimh imreoirí mionúir CLG An Spidéal i láthair na huaire tar éis dóibh Craobh Iomána ‘C’ an Chontae a thabhairt leo i sár thaispeántas in aghaidh Eanach Cuain an Satharn seo caite. Thug báireoirí an Spidéil an lá leo le 2-08 in aghaidh 0-07. Is é seo an ceathrú cluiche a bhí le n-imirt ag cuid de na himreoirí seo le coicís anuas ach níl deireadh lena n-imirt fós i mbliana ó tharla go mbeidh siad ag tabhairt aghaidh ar chluiche ceannais mionúir peile ‘B’ an Chontae in aghaidh Áth Cinn ar an Satharn seo chugainn.

Ba mhór an cúis bróid agus lúcháir é do lucht leanta an Spidéil craobh iomána a bheith ag teacht go Baile an Droichid arís agus léiríodh an ríméad seo nuair a d’ardaigh captaen na foirne Tomás Ó Flatharta an corn go hard ó a cheann. Tá ard mholadh ag dul don fhoireann agus an painéal ar fad agus ach go háirithe do bhainisteoir na foirne Ciarán Breathnach. Tá buíochas freisin ag dul do urraithe na foirne ar fad agus Seán Ó Féinneadha, Búistéara Uí Fhéinneadha ach go háirithe.