News

Críoch díomách leis an sraith idirmheánach

November 8, 2018

Bhí críoch fíor dhíomách le sraith idirmheánach na bliana seo do CLG An Spidéal nuair a chailleadar an cluiche deireadh sraithe in aghaidh Uachtar Ard Dé Domhnaigh. Bhí Uachtar Ard sábháilte cheanna féin ach bhí bua riachtanach don Spidéal chun a stádas idirmheánach a choinneáil. Théis sár chluiche a bhí fíor ghar síos tríd ar fad chuaigh an Spidéal chúig chúilín ar chúl i lár an dara leath agus gan ach chúig nóiméad fágtha. Ach i dtaispeántas cróga tháinig leads an Spidéil ar ais le cúpla cúilín agus ansin cúl chun an scór a chothromú agus an tam caite. Mar sin féin thug an réiteoir cic saor éasca d’Uachtar Ard díreach os comhair na gcuaillí chun cúilín an bhua a thabhairt dóibh agus an Spidéal a chuir go dtí Sóisear A don bhliain seo chugainn.

Cé gur lá fíor dhíomách a bhí ann bhí pointí dearfacha le tógáil as go háirithe mar a d’imir na leads óga atá ag teacht isteach ar an bhfoireann seo. Níor stop siad ag triail riamh agus léirigh scil agus cumas dochreidte i rith an chluiche. Beidh a lá acu siúd arís.

Tá mór bhuíochas ag dul do lucht bainistíochta na foirne a thóg rudaí ar lámh i rith na bliana nuair a bhí an fhoireann i gcruachás, siad sin, Aodán Breathnach, Tom Deacy agus Maidhc Phad Ó Cualáin.