News

Deireadh seachtaine cruógach eile roimh pheileadóirí óga an Spidéil

November 8, 2018

Níl deireadh leis an mhéid cluichí atá le n-imirt ag leads óga an Spidéil na laethanta seo. Beidh siad ag tabhairt chun páirce faoi dhó arís an deireadh seachtaine seo i gcluiche faoi 21 peile ar an Satharn in aghaidh Rinn Mhaoile agus i gcluiche Sóisear C ar an Domhnach. Is in aghaidh Oileáin Árainn a bheidh an fhoireann Sóisear C ag imirt i bPáirc an Athar MhicSuibhne ar an Domhnach ag a 12 Meánlae. Cluiche leath cheannais na sraithe atá sa gcluiche seo agus tabharfaidh na buaiteoirí aghaidh ar Leitir Móir sa gcluiche ceannais.