News

Dhá phointe eile sraithe ag foireann Sóisear A An Spidéal

November 8, 2018

Chuir Peileadóirí Sóisear A an Spidéil dhá phoint sraithe eile ar an clár ar Dhomhnach Cásca lena mbua ar Naomh Colmáin sa nGort. Ní bhfuair leads an Spidéil rudaí chomh réidh agus a fuair in aghaidh Mhaigh Cuilinn agus bhí coimhlint ghéar sa glcuiche seo ó thús deireadh. Bhí fíor ádh ar an Spidéal mar sin gur éirí leo cúl na heangaidh a aimsiú taobh istigh de chúpla nóiméad agus ba é an scór seo a thug faoiseamh dóibh nuair a tháinig leads dheisceart na Gaillimhe ar ais go láidir i dtreo deireadh an chéad leath agus arís ag tús an dara leath. É sin ráite, cé nach raibh leads Bhaile an Droichid ag imirt go maith do fhormhór an chluiche agus iad laghdaithe go cheithre fhear déag sa dara leath, nuair a tháinig an crua ar an tairne fuaireadar na scóranna cinniúnacha a chiallaigh gur iad a thug an dá phointe sraithe leo.