News

FÓGRA DO THUISMITHEOIRÍ AGUS GASÚIR I GCEANTAR AN SPIDÉIL

November 8, 2018

Beidh an lá cláraithe do bhuachaillí agus cailíní an cheantair ar siúl an Domhnach seo, 8 Feabhra 2009 ón 12 go dtí a 2 ag Coláiste Chonnacht. Tá foirne ag CLG An Spidéal do bhuachaillí agus cailíní ó aois 6 go 18 chomh maith le seisiúin peile agus iománaíochta faoi dhíon i rith an Gheimhreadh.

Ritheann ceantar feidhme CLG An Spidéal ó Dhoire Locháin siar agus má tá cónaí ort sa gceantar sin de réir rialacha an CLG is leis An Spidéal a cheart duit a bheith cláraithe agus ag imirt.

Tá míle fáilte roimh chách agus go háirithe roimh thuismitheoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa gCumann.

NÁ DEARMAD CLÁRÚ DON AOS ÓG AR AN DOMHNACH ÓN 12 GO DTÍ A 2.