News

Fógraí Páirce...

November 8, 2018

Tá mé ag scríobh chugat ar son CLCG Mícheál Breathnach mar urraí dílis dár gcuid le buíochas ó chroí a ghlacadh leat as an tacaíocht leanúnach atá tugtha agat dúinn le trí bliana anuas trí fhógra ar thaobh na páirce a ghlacadh. Mar is eol duit tá tábhacht mhór ag roinnt lenár gclub sa cheantar agus déanaimid freastal ar c.40 foireann idir bhuachaillí agus chailíní, idir mhná agus fhir a imríonn peil, iománaíocht, camógaíocht agus liathróid láimhe. Go deimhin tá os cionn 450 imreoirí gníomhach sa chlub faoi láthair gan trácht ar lucht leanta ag na cluichí agus lucht traenála agus oiliúna foirne.

Ábhar ar leith bróid dúinn go bhfuil ag éirí go han-mhaith lenár gcuid foirne ar fad agus go háirithe go bhfuil an fhoireann sinsir peile ar bharr na sraithe sinsear A agus an litir seo ag dul chugat. Gura fada ansin iad!

Tá an tréimhse 3 bliana do na fógraí istigh anois agus bheadh muid thar a bheith buíoch díot as do thacaíocht leanúnach arís. Tuigimid an brú atá ar chuile dhuine ar na saolta seo ach tá a fhios againn go dtuigeann tú féin agus ár gcuid urraithe ar fad tábhacht na hoibre a dhéanann an club sa cheantar. €300 atá ar athnuachan ar an bhfógra do na trí bliana seo romhainn agus is féidir é a íoc le híocaíocht aonuaire nó ina ghálaí de €50 ar feadh sé mhí, an t-iomlán le bheith íoctha roimh dheireadh Aibreáin 2011. Déanfar tarraingt ina dhiaidh sin idir na hurraitheoirí ar fad agus beidh ainm an té nó an chumhlachta a thiocfas as an tarraingt mar urraitheoirí ar an bhfoireann sinsir go ceann 3 bliana.

I gcás fógróirí nua, €500 an costas, luach an fhógra nua san áireamh agus is féidir é a íoc le híocaíocht aonuaire nó le réamhíocaíocht €200 agus €50 in aghaidh na míosa ar feadh sé mhí, an t-iomlán le bheith íoctha roimh dheireadh Aibreáin 2011.

Is féidir leat an urraíocht a athnuachan ar líne ag suíomh an chumainn www.michealbreathnach.com.
Gabhaimid buíochas arís leat as do thacaíocht agus táimid ag súil gur féidir leat fanacht linn go ceann 3 bliana eile. I dteannta a chéile a rachas muid chun cinn.