News

Foireann Faoi 21 Iomána i gcluiche ceannais an Chontae

November 8, 2018

Tá foireann faoi 21 Iomána An Spidéil cáilithe do chluiche ceannais faoi 21 C an Chontae gan fiú camán a thógáil ina lámha. Buaileadh an fhoireann ina gcéad chluiche in aghaidh Shaighleáin agus chuaigh siad isteach i gcomórtas an chúl dorais. Ach tharraing Bóthar na Trá amach as an gcomórtas agus ansin an deireadh seachtaine seo thug Skehana bua gan choimhlint don Spidéal a chiallaíonn go bhfuil siad cáilithe don Chluiche Ceannais. É sin ráite tugann sé deis don Spidéal riar imreoirí a bhí in easnamh orthu an chéad lá a bheith ar ais acu don chluiche ceannais. Tá Cluiche Ceannais Mionúir Shraith na Cathrach na bliana anuraidh le n-imirt ag cuid de na himreoirí seo chomh maith agus ceaptar go n-imreofar an cluiche sin go gairid.