News

Mion-Athraithe ag Cruinniú Chinn Bhliana CLG An Spidéal

November 8, 2018

Bhí slua deas i láthair ag Cruinniú Chinn Bhliana CLG An Spidéal ar an Aoine seo caite in Óstán na Páirce áit ar leagadh amach imeachtaí agus cuntais na bliana do na baill. Bliain ráthúil a bhí inti do Chumann An Spidéil cé nár éirí leo céim suas go dtí an ngrád idirmheánach a thógáil sa pheil ná aon chéim chun cinn san iománaíocht shóisear ach oiread. Glacadh mór bhuíochas le bainisteoirí, traenálaithe, oibrithe agus imreoirí an chumainn as ucht a ndúthracht i rith na bliana. Chomh maith leis sin glacadh buíochas ach go háirithe le urraithe an Chumainn ar fad agus lucht tacaíochta na bhfoirne a tháinig chuig cluichí ó cheann ceann na bliana.

Déanadh tagairt freisin don bhliain mhaith a bhí ag foirne na mban arís faoi stiúir Aodán Breathnach, Dónal Ó Máirtín, Rós Uí Challaráin & Toni Uí Chiardha. Thugadar leo Sraith agus Craobh Idirmheánach an Iarthair.

 

Dhá athrú a déanadh ar chúrsaí pearsanra go príomha áit ar tháinig Fergal Ó Mainnín i gcomharbacht ar Éinne Ó Domhnaill mar rúnaí ar an gcumann. Tugadh ard-mholadh don Domhnallach agus déanadh iontas ar cén chaoi ar éirí leis éalú as an gcathaoir tar éis sár jab a dhéanamh i rith na bliana!

Cuireadh fáilte mhór roimh cheapachán bainisteoir nua ar fhoireann sóisear A an chumainn, sé sin Dónal ‘Duckie’ Ó Flatharta. Tá taithí mhór bainistíochta ag Dónal agus é mar bhainisteoir ar fhoireann mionúir na Gaillimhe anuraidh. Tugadh ard mholadh ag an gcruinniú do bhainisteoir na bliana anuraidh Micheál Ó Duinn agus a chomhghleacaithe Nollaig Ó Neachtain & Déaglán Ó Tuaithaill. Cé gur éirí siad as a gcuid cúramaí ag deireadh na bliana anuraidh tá siad sásta fanacht ar bord arís i mbliana.

 

Oifigigh CLG An Spidéal do 2009

 

Uachtarán:                           Seán Mac an tSaoir

Leas Uachtarán:                  An tAth. MacAodh, Fred Ó Dubhda

Cathaoirleach:                     Páid Ó Neachtain

Leas Chathaoirleach:           Timmy Ó Flatharta

Rúnaí:                                 Fergal Ó Mainnín

Leas Rúnaí:                         Ciarán Breathnach

Cisteoir:                               Bernie Uí Dhroighneáin

Leas Chisteoirí:                   Carmel Uí Fhlatharta, Máirín Tim Ní Fhlatharta

O.C.P.:                                Éinne Ó Domhnaill

Oifigeach Árachais:             Gearóid Ó Mainnín

Cláraitheoir:                        Máirín Tim Ní Fhlatharta

Toscaire Bord Peile:            Maidhc Phad Ó Cualáin

Toscaire Bord Iomána :       Steve Breathnach

 

Bainisteoirí Foirne

Peil

Sóisear A :       Dónal Ó Fátharta. Roghnóirí: Micheál Ó Duinn, Nollaig Ó Neachtain, Déaglan Ó Tuathaill

Sóisear B :       Deaglán Ó Tuathaill, Seán MacFhlannchadha

Faoi 21 :          Mar atá sa Sóisear A

Mionúir :         Pádraig Ó Ceallaigh, Peadar Ó Ceallaigh, Tadhg Ó Conghaile.

 

Iománaíocht

Sóisear B:        Micheál Ó Curraoin

Faoi 21:           Ciarán Breathnach, Joe Clancy

Mionúir:          Páraic Ó Curraoin, Jeaic Ó Tuathaill