News

Mná An Spidéil buacach arís

November 8, 2018

Tá an ‘mantelpiece’ tí Úna Ní Mhainnín, Captaen Fhoireann na mBan sa Spidéal, dhá lúbadh go maith faoin tráth seo leis an ualach cupáin atá tugtha leo ag Mná an Spidéil i mbliana.

Dé Domhnaigh seo caite a bhí an bua dheiridh acu in aghaidh Chill Aithnín le 3-06 in aghaidh 1-03. Go deimhin bhí máistreacht ag Mná An Spidéil ar an gcluiche agus deiridh leo a bheith 2-04 in aghaidh 1-01 chun cinn ag leath am. Tá sraith agus Craobh Sóisear an Iarthair buaite ag an bhfoireann seo rud a chiallaíonn gur i ngrád na sinsir a bheidh siad ag coimhlint an bhliain seo chugainn. Chomh maith leis sin tá Sraith Sóisear B an Chontae fós le n-imirt acu ar an Domhnach beag seo in aghaidh Órán Mór. Bhuaigh siad Sciath Fhéile na nOileán in aghaidh Leitir Móir chomh maith le Cupán 2006 agus 2007 Ros Muc i rith na bliana.

Éachtaí nach beag agus bliain fíor rathúil ag an bhfoireann seo.  Tá buíochas ar leith ag dul do bhainisteoirí na foirne Aodán Breathnach agus Dónal Ó Máirtín. Is iad an painéal a thug aghaidh ar Chill Aithnín an Satharn seo caite ná :

 

1.       Aoife Ní Neachtain

2.       Caoimhe Ní Chiardha

3.       Siobhán Ní Chéidigh

4.       Orla Breathnach

5.       Bairbre Ní Churraoin

6.       Aisling Ní Fhlannchadha

7.       Máirín Ní Fhlatharta Uí Scanláin

8.       Michelle Ní Dhroighneán

9.       Catherine Ní Dhroighneán

10.   Niamh Ní Dhroighneán

11.   Máire Ní Thuathail

12.   Aoife Ní Dhomhnaill

13.   Sinéad Ní Fheinneadha

14.   Úna Ní Mhainnín

15.   Karen Nic Diarmada

16.   Caitríona Ní Mhainnín

17.   Fionnuala Ní Fhlatharta

18.   Máire Ní Fhatharta

19.   Róisín Ní Chiardha

20.   Sarah Kwateng

21.   Sarah Ní Dhomhnaill

22.   Sile Ní Chéidigh

23.  Tríona Ní Chéidigh