News

Seaimpíní Mionúir B an Iarthair

November 8, 2018

D’éirí le foireann mionúir CLG An Spidéal bua bhreá a fháil ar cho-fhoireann An Chlocháin agus An Fháirche i gcluiche ceannais mionúir ‘B’ an Iarthair 2007 an deireadh seachtaine seo caite.

 
Bhí sár choimhlint idir an dá fhoireann bhreá seo ar feadh i bhfad nó go bhfuair leads Bhaile an Droichid na cúil a dhearbhaigh an bua dóibh. Bhailigh slua bhreá de lucht tacaíochta CLG An Spidéal isteach ar pháirc Staid an Phiarsaigh agus iad ag tacú go glórach le captaen na foirne Máirtín ‘Beag’ Ó Droighneán agus é ag glacadh leis an gcupán. Luach saothair bhreá a bhí ann don fhoireann óg seo a tabharfaidh aghaidh ar chluiche ceannais an chontae faoi cheann trí seachtainí.
 
Tá moladh mór ag dul do lucht bainistíochta na foirne Micheál Ó Duinn, Nollaig Ó Neachtain, Déaglán Ó Tuathaill agus Dónal Ó Flatharta.