News

Seampíní na hÉireann. Arís!

November 7, 2018

Ba mhór an éacht ag cailíní Mhaigh Cuilinn Corn Chomórtas na mBan a thabhairt leo, don tríú bhliain as a chéile, ar an Luain seo caite ar an mBaile Bhúirne i gCorcaigh.

Sa cluiche leathcheannais, in aghaidh Chill Chomáin as Maigh Eo, bhíomar 1.1 in aghaidh pointe tar éis dhá noiméad. Ba í an phointe sin an t-aon scór a fuair Chill Chomáin sa chéad leath agus theip orthu cosc a chuir le ríthíocht chailíní na Gaillimhe. Bhí bua cuimthisíocht ag Mhaigh Cuilinn 7.32 in aghaidh 3.3.

Tar éis don fhoireann áitiúl, Naomh Abán, lámh in uachtar a fháil ar a chéile chorac, Na Gael Óga as Baile Átha Cliath, bhí súil ag an slua mór go mbeadh an-choimhlint idir Chorcaigh agus Gaillimh sa chluiche cheannais.

Go deimhin, is mar sin a bhí ar feadh chúig noiméad déag, nó go bhfuair mná Mhaigh Cuilinn greim ar an cluiche agus ar an ghaoth sách láidir a bhí ina naghaidh sa chéad leath. Bhí said ceithre phointe chun tosaigh ag an briseadh 7 gcúilín in aghaidh 3 chúilín.  Thóg Maigh Cuilinn greim ar an chluiche ón caitheamh isteach tar éis an bhriseadh agus choinnigh said leo ag scóráil. Tugadh na h-ionadaí uilig isteach faoin 25u nóiméad ach fós theip ar mhná Chorcaigh scór a aimsiú go dtí an 60ú nóiméad, nuair a fuair said cúl. Bua slachtmhar eile ag Maigh Cuilinn – 2.17 in aghaidh 1.3.

Bhronn Seán Ó Chadhain TD agus Aire Stáit na Gaeltachta an chorn ar chaiptín na fóirne Emma Ní Chartúir. Go gairid tar éis an bhronnadh tógadh pictúir den fhoireann le Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigín Uasal.

Ba í Áine Nic Dhonnchadh a bhí mar Chailín Gaelach ag Maigh Cuilin agus cé gur thug sí cúntas breá uirthi féin níor éirigh le Áine an gradam a thabhairt leithi. Bhí gradam eile inann d’Áine áfach, nuair a roghnaíodh í mar imreóir Chomortas na mBan 2016.

 

Sa phictúir tá:

Uachtarán Micheál D. Ó hUigín Uasal le mna Mhaigh Cuilinn.

Ar chúl; C go D; Bríd Uí Chonghaile (foireann bhanaistíochta), Meghan Ní Dhabhorain, Ailbhe Ní Dhabhorain, Emma Ní Chartúir (Caiptín), Jean Ní Eidhin, Catherine Ní Chonnair, Shannon Ní Chéidigh, Áine Nic Dhonnachadh, Aisling Ní Chorcoran, Fiona Ní Fhátharta, Rory O Nuáin (foireann bhanaistíochta) agus Tommy  Ó Céidigh (foireann bhanaistíochta).

Sa lár; C go D; Beatrice Korn, Róisín Ní Chonghaile, Andrea Ní Nuáin, Darina Ni Challanín, Molly Ní Eidhin, Monica Uí Chorcoráin (foireann bhanaistíochta).

Ar thosach; C go D; Ashling Ní Mhaoláin, Amy Ní Dhúgáin, Emily Ní Mhaolaoidh, Katie Ní Chartúir, Niamh Ní Dhroighneán, Laura Ní Chorcoráin, agus Áine Barber.

In easnamh tá Sandra Ní Chonaill a d’imir sa chluiche leath cheannais agus Liam Ó hEidhin (foireann bhanaistíochta)