News

Sraith Sóisear C an Iarthair buaite ag An Spidéal

November 8, 2018

D’éirí le foireann Sóisear C an Spidéil an ‘double’ a dhéanamh trí sraith sóisear peile C an Iarthair a chuir leis an gcraobh a bhuaigh siad roimhe seo. Is ar Pháirc an Mháimín i Leitir Móir a thug siad aghaidh ar fhir Naomh Anna agus d’éirí leo na cosa a thabhairt leo le scór do 1-10 le 1-08. Go deimhin tá an chreidiúint ag dul don dá fhoireann a bheith in ann cluiche ar bith a imirt leis an aimsir uafásach a bhí ann ar an lá. Bhí cóir na gaoithe ag leads Bhaile an Droichid sa chéad leath agus d’éiri leo a bheith cúpla cúilín chun cinn ach is iad na trí chúilín cinniúnach a scóráil siad ag tús an dara leath a chinntigh an bua do leads An Spidéil.

Tá mór bhuíochas ag dul dóibh siúd a bhí ag plé leis an bhfoireann i gcaitheamh na bliana, Tom Deacy, Aodán Breathnach, Alo Ó Conghaile, Maidhc Phad Ó Cualáin agus Tadhg Ó Conghaile.