News

Tarraingt ar Chraobhacha Peile na Gaillimhe beo ar RnaG

November 8, 2018

Craolfar an tarraingt ar Chraobhacha Peile na Gaillimhe – an Chraobh Shinsir agus an Chraobh Idirmheánach, urraithe ag Ostán Bhaile Chláir na Gaillimhe, beo ó Ostán Bhaile Chláir na Gaillimhe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta arís i mbliana ar an Luan 15 Feabhra ag 8.30 i.n. agus is é Seán Bán Breathnach a chuirfidh an clár i láthair.

Beidh sé fhoireann Gaeltachta san iomaíocht sa gCraobh Shinsir i mbliana : An Cheathrú Rua, Naomh Anna, Maigh Cuilinn, Mícheál Breathnach, Bearna agus Baile Chláir na Gaillimhe agus beidh dhá fhoireann Gaeltachta san iomaíocht sa gCraobh Idirmheanach, An Spidéal agus Carna-Caiseal.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Luain 15 Feabhra 8.30 p.m.