News

Torthaí foirne faoi aois An Spidéil

November 8, 2018

D’éirí go maith le foirne Mionúir agus faoi 16 An Spidéil le seachtain anuas i gcluichí sraithe a bhí acu. Is ar chomhscór a chríochnaigh foireann mionúir an chumainn ina gcluiche le Naomh Séamas sa sraith mionúir A, 0-8 le 1-05. Is iad Naomh Séamas seaimpíní Mionúir A an Chontae le dhá bhliain anuas agus bhí sár choimhlint eatarthu féin agus leads An Spidéil an tseachtain seo. Go deimhin bhí mí ádh ar an Spidéal nár thug siad an bua leo ar deiridh.

Fuair foireann faoi 16 An Spidéil an ceann is fearr ar Chill Aithnín i sraith B an Iarthair chomh maith 5-13 le 2-10 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Rinn Mhaoile faoi dhó an tseachtain roimhe sin sa sraith agus i gComórtas Peile na Gaeltachta.

Tá an bhuíochas agus moladh ag dul do na bainisteoirí agus traenálaithe ar fad a bhíonn ag plé leis na foirne seo agus le foirne an chumainn ar fad.